Club Óige Uachtar Tíre
Tue, Oct 08
|Castlewellan Community Centre


Áit agus Am
Oct 08, 2024, 6:00 PM – Dec 10, 2024, 8:00 PM
Castlewellan Community Centre, 32 Circular Rd, Castlewellan BT31 9ED, An Ríocht Aontaithe
Aíonna
Eolas faoin Imeacht
Tá gliondar orainn cur in iúl duit go mbeidh tús leis an Chlub Óige seachtainiúil fá choinne an téarma úr ar an Mháirt, an 8ú Deireadh Fómhair. Beidh an Club Óige lonnaithe sa Halla mór ag Ionad an Phobail, Caisleán Uidhilín, BT31 9ED. Beidh ann Club Óige ar siúl gach Mairt idir 6in-8in, ach, ó am go ham, beidh athrú ar na uaireanta siúd, ag brath ar an imeacht atá ar siúl. Tá an Club Óige eagartha ag Glór Uachtar Tíre. Tá sé cláraithe leis an Education Authority agus faigheann sé tacaíocht ó Fhóram na nÓg, Comhairle an Iúir, Mhúirn agus an Dúin agus Foras na Gaeilge. Bíonn Sinead Greaves agus Ciara Nic Riocaird i mbun an Club.
Bíonn an Club Óige páirteach i gcuid mór rudaí cosuil le sport, ceardlanna agus turais.
Ba bhreá linn cuireadh a thabhairt do chuile duine i Rang 7 teacht agus a bheith páirteach sa Chlub Óige.
Tá táille £2 an sheisiúin ar an Club Óige chomh maith le £15 uair amháin sa bhliain le haghaidh árachais. Bígí linn; ta muid ag dúil libh a fheiceáil ansin!
We are delighted to let you know that the weekly Irish language Youth Club will recommence for the new term on Tuesday, 8th of October. The Youth Club will be held in the main hall of Castlewellan community Centre, 32 Circular Rd, BT31 9ED. It will run each Tuesday between 6pm-8pm, although, on occasions these…